Gaeilge, teanga na nGael

Tá an Ghaeilge á ceiliúradh ag Ionad Cultúrtha na hÉireann i rith na bliana 2023. Tabharfaidh an bhuntreoir idirghníomhach seo blaiseadh duit de stair na teanga, a hathbheochan, agus an láthair atá aici i sochaí chomhaimseartha na hÉireann. Cuirfear acmhainní ar líne sa bhreis ar fáil chun dul níos doimhne i ngnéithe an ábhair seo, ina measc siúd: léirscáileanna, scannáin, amhráin, ailt, podchraoltaí...

Céad míle fáilte!

 

Gaeilge, teanga na nGael

Is ionann gan an Ghaeilge a fhoghlaim agus an deis a chailliúint tuiscint a fháil ar scéal na hÉireann mar a bhí agus mar a bheadh in am níos fearr amach romhainn.

Seamus Heaney

"Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í" de réir airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. Thar 80 bliain níos déanaí, in 2022, fuair sí aitheantas iomlán mar cheann de na 24 teanga oifigiúla oibre den Aontas Eorpach.

Fógraíonn an stádas seo ré nua atá ag cur deiseanna ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, agus tá níos mó suime á cur inti go hidirnáisiúnta i gcónaí. Tá athbheochan na teanga le brath i measc na n-ealaíon agus an chultúir fresin, le litríocht agus scannánaíocht d’ardréim ag teacht ar an bhfód bliain i ndiaidh bliana.

 

Crosbhóthar le comharthaí bóithre dátheangacha, Céim an Daimh, Contae Chiarraí.

© Gettyimages

Léarscáil de na Ceantair oifigiúla Ghaeltachta
Léarscáil de na Ceantair oifigiúla Ghaeltachta

© Wikimedia Commons

Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge, atá á labhairt in Éirinn le os cionn is 2000 bliain, agus an teanga ba mhó a labhrófaí suas go dtí an 19ú haois. Sa lá atá inniu ann, labhraítear mar phríomhtheanga í i measc pobail atá scaipthe ar fud na hÉireann (pobail a bhaineann go stairiúil le ceantair Ghaeltachta) agus sa diaspóra. Cúpla ceantar cáiliúil a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga iontu ná: Conamara, Corca Dhuibhne, an ceantar thart ar Shliabh Líag, agus Oileáin Árann, mar a n-úsáidtear í sa saol laethúil i gcúrsaí gnó agus i mbéal an phobail. Labhraítear í i mbailte agus faoin tuath, i siopaí agus i mbialanna, mar ghnáthmheán cumarsáide. Tá cosúlachtaí idir staid theangeolaíoch na bpobal seo, agus a gcuid ceisteanna faoi conas an teanga a thacú agus a sheachadadh, agus cás mionteangacha eile ar fud an domhain, cuir i gcás an Bhriotáinis, an Ocsatáinis nó an Bhascais.

De bharr a stádais oifigiúil i bPoblacht na hÉireann, faightear an Ghaeilge sa saol laethúil sna meáin, cáipéisíocht oifigiúil, comharthaíocht agus fógraíocht, chomh maith le go leor gnéithe lárnacha eile i sochaí na hÉireann. Is croí-ábhar éigeantach í freisin i gcuraclam na scoileanna i bPoblacht na hÉireann . Cé go rangaíonn UNESCO an teanga i measc na dteangacha atá i mbaol, tá fiúntas ollmhór ag baint léi i dtuairim an tsaoil mhóir as a hoidhreacht shaibhir. Bítear á ceiliúradh sna healaíona agus sa cheol, agus tá áit bainte amach aici i lár an aonaigh dhomhanda a bhuí le ceoltóirí ar nós Clannad, Altan, Enya, The Gloaming, agus a thuilleadh nach iad. Braitear lorg na teanga i bpobal domhanda de shliocht na nGael i measc sloinnte dar tús “Mac/Mc” (ar nós Mac Mathúna – Mac Mahon agus Mac Domhnaill - McDonald) agus “O” (ar nós Ó Conchúir – O’Connor agus Ó Briain – O’Brien).

Léarscáil d’áiteanna a bhfuil baint acu le teangacha Ceilteacha
Léarscáil d’áiteanna a bhfuil baint acu le teangacha Ceilteacha

© Wikimedia Commons

Ginealas teangacha Ceilteacha
Ginealas teangacha Ceilteacha

© Wikimedia Commons

An Fhianaise is luaithe & Samplaí idirnáisiúnta

Tá bunbhrí Ghaeilge ag logainmneacha uilig na hÉireann nach mór, leis an mbaint lárnach atá idir an teanga agus an tírdhreach, agus tá lorg láidir ón teanga i mBéarla na hÉireann freisin, nó fiú ar fud an domhain, mar shampla na huirlisí ceoil, píb uilleann agus bodhrán, plámás, raiméis, sliotar, craic, síbín, go leor (galore), bean sí (banshee), seamróg (shamrock), uisce beatha (whiskey).

Faightear na samplaí is luaithe a bhfuil againn den Ghaeilge Ársa as Oghamscríobh atá greanta ar chlocha. Cé gur léir go raibh cultúr saibhir litríocht béil roimh ré, thug craobhscaoileadh na Críostaíochta áit lárnach don scríobh i sochaí na hÉireann ó lár an 5ú haois ar aghaidh. Tháinig an briathar scríofa faoi bhláth sa Laidean chomh maith le teanga dhúchais na nGael, trí mhainistreacha in Éirinn chomh maith le go leor mainistreacha eile a bhunaigh mainigh Éireannacha ar fud na hÉorpa.

Sampla den Oghamscríobh. Clocha Oghaim Dhún Lóich, Lios an Phúca, Contae Chiarraí
© Wikimedia Commons

Cultúir i dteagmháil

Tá stair na Gaeilge fite fuaite le stair na hÉireann i gcoitinne, is é sin go raibh tionchar mór ag athruithe ó thaobh na sochaí, na polaitíochta agus na heacnamaíochta uirthi riamh anall. Cé gur thug na Lochlannaigh agus na Normannaigh athruithe móra isteach sa tsochaí leo agus iad ag teacht go hÉirinn, chomhshamhlaigh siad faoi dheireadh le cultúr agus teanga na nGael. Is féidir an stair ilchineálach seo i dtaca le tionchar idirnásiúnta ar Éirinn agus a mhalairt a chíoradh trí fhocail iasachta, á dtógáil isteach sa teanga ó chultúir eile:

    

Ba é Concas na dTúdarach sa 16ú agus sa 17ú haois ba mhó, áfach, a ghlacfadh seasamh daingean i scaipeadh ghnásanna agus theanga Shasana in áit theanga agus ghnásanna na nGael. “The Speech being Irish, the heart must needs be Irish”, arsa an file iomráiteach Eilíseach, Edmund Spenser.

Léirigh Eilís I Shasana spéis sa teanga, is léir an méid sin ón mbunleabhar Gaeilge seo a bhí aici, a thaispeánann nathanna coitianta as Gaeilge le haistriúcháin as Laidean agus Béarla.
Léirigh Eilís I Shasana spéis sa teanga, is léir an méid sin ón mbunleabhar Gaeilge seo a bhí aici, a thaispeánann nathanna coitianta as Gaeilge le haistriúcháin as Laidean agus Béarla.

© Irish Sript on Screen – Leabharlann March, Baile Átha Cliath

An leabhar a fheiceáil 

Radharc ar fhleá á tionóil ag taoiseach Gaelach, ó The Image of Irelande, with a Discoverie of Woodkarne 1581. 

© Wikimedia Commons

Mar thoradh ar na cogaí in aghaidh rialtas Shasana in Éirinn, d’imigh go leor uaisle Gaelacha agus saighdiúirí ar fud na hEorpa i rith an 17ú haois. Éist leis an bpodchraoladh The Plantation of Ulster and Flight of the Earls

Agus iad ag teitheadh ó na Péindlíthe, bearta frith-Chaitliceacha a chuir an rialtas Sasanach i bhfeidhm in Éirinn, bhunaigh na hÉireannaigh mórán coláistí ar mhór-roinn na hEorpa. Chuir na coláistí seo oideachas ar fáil do scoláirí Éireannacha. Chuir Coláiste na nGael i Lobháin (a bunaíodh in 1607) clóphreas ar bun fiú, le leabhair Ghaeilge a fhoilsiú, ábhair theagaisc na Gaeilge san áireamh. Chothaigh an borradh seo i measc na bpobal céanna gréasán fuinniúil ar fud na hEorpa le leabhair as Gaeilge agus as Laidean a fhoilsiú, trí chlódóireacht agus trí sheachadadh lámhscríbhinní araon.

Mar an gcéanna, faightear i gColáiste na nGael i bPáras (áit a bhfuil an Centre Culturel Irlandais sa lá atá inniu ann) cnuasach saibhir saothar as Gaeilge a tháinig chugainn ón ngréasán idirnáisiúnta seo. Tá cuid acu digitithe agus ar fáil ar líne, cur i gcás John O’Brien’sFocalóir gaoidhilge sax-Bhéarla Irish-English dictionary, a cuireadh i gcló i bPáras in 1768, agus eagrán dátheangach den Íliad le Hóiméar le haistriúchán Gaeilge, a cuireadh i gcló in 1844.

Annála na gCeithre Máistrí, Cuid II. (1335 go 1608)
Annála na gCeithre Máistrí, Cuid II. (1335 go 1608)

Saothar tábhachtach ar stair na hÉireann is ea Annála na gCeithre Máistría cóipeáladh agus a seachadadh go hidirnáisiúnta trí mhórán ionad léinn faoi stiúir na nÉireannach sa 17ú haois.

© Irish Script on Screen – Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

An leabhar a fheiceáil 
Focaloir gaoidhilge sax-Bhéarla Irish-English dictionary, le John O’Brien, a cuireadh i gcló i bPáras, 1768
Focaloir gaoidhilge sax-Bhéarla Irish-English dictionary, le John O’Brien, a cuireadh i gcló i bPáras, 1768

Eolas breise faoi stair an fhoclóra seo 

© Centre Culturel Irlandais, Seanleabharlann

An leabhar a fheiceáil 

Tá cóip de Andrew Donlevy’s Catechism, or Christian Doctrine by Way of Question and Answer(1742) ar fáil sa tSean-Leabharlann freisin. Cuireadh an lámhleabhar dátheangach seo i gcló, le cló Gaelach ar leith a cruthaíodh in 1732 le haghaidh English Irish Dictionary, le O’Begley, agus níor cuireadh ach an dá leabhar seo i gcló leis.

Céadtadán díobh siúd a d’fhreagair go labhraíonn siad Gaeilge ar bhonn laethúil sna daoináirimh a rinneadh in 2011 i bPolacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann.
Céadtadán díobh siúd a d’fhreagair go labhraíonn siad Gaeilge ar bhonn laethúil sna daoináirimh a rinneadh in 2011 i bPolacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann.

© Wikimedia Commons

Athbheoachan agus Rómánsachas

Feictear aistriú dramatúil sa 19ú haois sa mhéid gur thosaigh an tromlach ag labhairt an Bhéarla mar phríomhtheanga ar fud na hÉireann, seachas cúpla ceantar, faoin tuath san iarthar agus sa deisceart den chuid is mó. Bunaíodh an córas scolaíochta náisiúnta in 1831, le curaclam inar fágadh an Ghaeilge ar lár, chomh maith le stair agus oidhreacht na hÉireann. Bhí tionchar ollmhór aige sin go samhlófaí an an Béarla le deiseanna agus dul chun cinn ón am sin i leith. I dtaca leis sin, bhí laghdú de 25% i ndaonra na hÉireann, idir bhás agus eisimirce, de dheasca na ngortaí uafásacha a thit amach sa tír i rith an chéid, agus a bhuail na ceantair ina labhrófaí an Ghaeilge go dona.

Os a choinne sin, thosaigh grúpaí ag teacht ar an bhfód ar fud an oileáin a raibh spéis acu i gcaomhnú, athbheochan agus teagasc na Gaeilge. An grúpa ba thábhachtaí a tháinig chun cinn i rith na tréimhse seo ná Conradh na Gaeilge, a bhunaigh Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde in 1893, le caomhnú agus athbheochan na Gaeilge mar sprioc acu.

1913 Póstaer le Conradh na Gaeilge
1913 Póstaer le Conradh na Gaeilge

© National Library of Ireland

Léigh sliocht as óráid Dhubhghlas de hÍde "The Necessity for De-Anglicising Ireland"

I gcomhthéacs an troda ar son neamhspeáchais ag tús an 20ú aois, d’eascair suim ar leith sa teanga i measc náisiúnaithe, mar gur tuigeadh do roinnt daoine gur chomhartha soiléir neamhspleáchais ó Shasana ab í an Ghaeilge. Spreagfadh sé sin ceisteanna maidir le siombalachas polaitiúil na teanga, ceist atá fós i lár an aonaigh agus an Ghaeilge á plé i gcomthéacs na féiniúlachta agus an násisiúnachais sa lá atá inniu ann.

Múrmhaisiú Náisiúnach ar son Acht na Gaeilge ar shráid Brighton i mBéal Feiriste
Múrmhaisiú Náisiúnach ar son Acht na Gaeilge ar shráid Brighton i mBéal Feiriste

© University of Cambridge

Tír gan teanga, tír gan anam

D’oibrigh Pádraig Mac Piarais, a bhain clú amach as a chuid scríbhneoireachta i nGaeilge, chomh maith leis an ról a bhí aige in Éirí amach 1916, mar eagarthóir le An Claidheamh Soluis – ceann de na hirisí ba luaithe a raibh saothar as Gaeilge inti.
D’oibrigh Pádraig Mac Piarais, a bhain clú amach as a chuid scríbhneoireachta i nGaeilge, chomh maith leis an ról a bhí aige in Éirí amach 1916, mar eagarthóir le An Claidheamh Soluis – ceann de na hirisí ba luaithe a raibh saothar as Gaeilge inti.

© Wikimedia Commons

An Claidheamh Soluis, ceann de na hirisí ba luaithe a raibh saothar as Gaeilge inti.
An Claidheamh Soluis, ceann de na hirisí ba luaithe a raibh saothar as Gaeilge inti.

© Conradh na Gaeilge

Bhí borradh mór i scríbhneoireacht na Gaeilge ag tús an 20ú aois, cé gur cheap mórán scríbhneoirí nár leor béaloideas na nGaeltachtaí le bunchloch a leagan do litríocht chomhaimseartha náisiúnta. Ina ionad sin, theastaigh óna leithéidí ábhair agus stíleanna idirnáisiúnta na linne a mhúnlú le litríocht nua a chruthú a sheasfadh cothrom le litríocht chomhaimseartha na hEorpa. I measc scríbhneoirí na linne seo bhí an Piarsach, Peadar Ua Laoghaire, agus Pádraic Ó Conaire, gan ach cúpla duine a lua.

D’fhoilsigh Máirtín Ó Cadhain, (a mheastar mar “James Joyce na Gaeilge”) úrscéal as Gaeilge - Cré na Cille, saothar ceannródaíoch an nua-aoiseachais liteartha, in 1949. Is iomaí aistriúchán de atá ar fáil, i dteangacha éagsúla chomh maith le cóirithe drámata ar stáitse agus ar scáileán.

Bhí figúirí ar nós Ó Cadhain, a d’fhás aníos i bpobal Gaeltachta é féin, lárnach i ngníomhaíocht pholaitiúil i dtaca le “Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta”, a thosaigh i 1969. Faoi anáil Ghluaiseacht ceart sibhialta sna Stáit Aontaithe agus agóidí Pháras i 1968, bhí sé i gceist ag Gluaiseacht na Gaeltachta cearta sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha a bhaint amach ar son lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Feictear iarrachtaí cosúil leis i measc phobail teangacha mionlaigh ar fud na cruinne, ag teacht chun cinn sa tréimhse chéanna.

Is lárionad é Cnuasach Bhéaloideas Éireann maidir le bailiú, caomhnú agus craobhscaoileadh bhéaloideas na hÉireann, i bhfoirm lámhscríbhinní, grianghraif, agus go leor píosaí scannánaíochta agus fuaime.

Dancing on the pier, Clogherhead (1935) © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD

An Ghaeilge i gcroílár na hEorpa (arís)

Cá bhfuil an Ghaeilge anois, mar sin? Cé gur cuireadh an Ghaeilge chun cinn sa chóras oideachais tar éis don stát neamhspleáchas a bhaint amach, bhí laghdú fós le feiceáil i líon na gcainteoirí i rith an chéid. Lean mórán daoine sa stát nua-bhunaithe seo an chlaontacht choilíneach a bhí ann roimhe, a shamhlódh an Ghaeilge le heisimirce, bochtanas agus seanaimsearthacht. Ba bheag an toradh a bhí ar iarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan ar bhonn násiúnta trí chóras na scoileanna amháin. Ní bhfuarthas mórán ratha ná bá, sa mhéid nár leagadh amach aon phleanáil inbhuanaithe ná deiseanna eacnamaíocha tar éis do dhaoine an scoil a fhágáil. Bhí athrú mór le teacht ar an scéal le cúinsí ag dul i bhfeabhas ó thaobh gheilleagar na tíre agus Éire ina ball den Aontas Eorpach.

Ní bhactar a thuilleadh le himní iarchoilíneach a d’fhógair nach raibh i “nGaelachas” ach amháin a mhalairt ar aon rud de chuid na Breataine. Ina ionad sin, tugtar aitheantas d’fhéiniúlacht Ghaelach agus Éireannach mar chuid de réimse leathan éagsúlachta san AE, agus mar sin táthar i mbun an teanga a mheas le súil úrnua. Tá an Ghaeilge á léiriú ar iliomad bealaí éagsúla, i gceantair uirbeacha, i measc an dreama óig, i nGaelscoileanna agus i nGaelcholásití ar fud an oileáin, chomh maith le deiseanna leis an teanga a fhoghlaim i gcroílár phobail Ghaeltachta. Tá scoth na scríbhneoirí is na gcruthaitheoirí, leithéidí Úna-Minh Kavanagh, Ola Majekodunmi agus Alex Hijmans ag tabhairt a gcuid taithí éagsúla chun solais, ag dul i ngleic le saol na Gaeilge inár linn féin. Ligthe saor ó streachailt na gcéadta bliain ar thóir féiniúlacht a chur in iúl, tá lucht labhartha agus lucht foghlamtha na Gaeilge i mbun caidrimh nua bhríomhara a chruthú leis an teanga, idir chainteoirí dúchais agus nua-chainteoirí.

Grúpa mór le rá ar fud an domhain, Kíla, sa Centre Culturel Irlandais i Márta 2022
Grúpa mór le rá ar fud an domhain, Kíla, sa Centre Culturel Irlandais i Márta 2022
Is é “An Cailín Ciúin”
Is é “An Cailín Ciúin”

Faoi stiúir Choilm Bairéad, an chéad scannán as Gaeilge a ainmníodh do Oscar le haghaidh scannán fada idirnáisiúnta.

“An Cailín Ciúin” 

© Inscéal Production

Maítear go bhfuil athbheochan eile na Gaeilge ag titim amach faoi láthair le grúpaí a bhfuil cáil dhomhanda orthu, ar nós Kíla, agus rath mór i dtionscadal na scannán ar nós An Cailín Ciúin, agus is iomaí eiseamláir eile d’ealaíona Gaeilge faoi bhláth i lár an aonaigh dhomhanda. Mar theanga mhionlaigh i ré an domhandachais, tá cainteoirí Gaeilge á gcur in oiriúint chun pobail dhigiteacha agus fhisiciúla a chruthú ar fud na cruinne, leis na hacmhainní agus an chruthaitheacht atá ar fáil dóibh, chun daoine a tharraingt le chéile tríd an teanga.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís!

Á threorú ag: William Ó hÍomhair, Teagascóir na Gaeilge ag Ionad Cultúrtha na hÉireann, Páras

Le tacú ó Lárionad na Gaeilge agus Ollscoil Mhá Nuad


Cuireann an Médiathèque rogha leathan acmhainní ar fáil le Gaeilge a fhoghlaim, a léamh agus a chloisteáil : tá saorchead isteach chuig an gcnuasach agus fáilte roimh cách (Dé Luain-Dé hAoine: 2pm-6pm, go dtí 8pm Dé Céadaoin).