Páras agus an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge riamh
Páras agus an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge riamh
Cloch mhíle shuntasach i stair na Gaeilge ab ea seoladh An Foclóir Nua Gaeilge in 2025, togra de chuid Fhoras na Gaeilge. Is é an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge sa nua-aois é, agus is é an chéad fhoclóir leis é ar ar líne amháin a bheidh sé agus ní i gcló. Trí chéad éigin bliain roimhe sin i bPáras na Fraince a tharla cor cinniúnach eile i bhfoclóireacht na Gaeilge. Ansiúd cois abhainn na Séine is ea a foilsíodh The English Irish Dictionary. An Foclóir Béarla Gaoidheilge sa bhliain 1732, arna chur in eagar ag Conchobhar Ó Beaglaoich le cúnamh Aoidh Bhuí Mhic Cruitín. Foclóir Uí Bheaglaoich a thugtar air seo coitianta, agus ba é an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge a cuireadh i gcló riamh é. Ceann den líon fíorbheag cóipeanna dá maireann den mhórshaothar seo, bronnadh ar an Centre Culturel Irlandais é i mí Bealtaine 2026. Chun an ócaid speisialta seo a chomóradh, déanfaidh an taispeántas seo scéal eisceachtúil Fhoclóir Uí Bheaglaoich a chíoradh.
Cúlra
Tá scéal Fhoclóir Uí Bheaglaoich fite fuaite le stair Choláiste na nGael i bPáras, ar féidir a fhréamhacha a rianadh siar go dtí an bhliain 1578 nuair a tháinig seisear ábhar sagart le chéile sa Collège de Montaigu mar a bhí, suíomh Bibliothèque Sainte-Geneviève an lae inniu. Tháinig borradh faoin bpobal seo le linn an 17ú haois agus corraíl éachtach pholaitiúil, chreidimh agus shóisialta ar siúl in Éirinn, nó “tonnbhriseadh an tseanaghnáthaimh” mar a thug an file mór Dáibhí Ó Bruadair air. Briseadh an cath ar uaisle Gael agus d'imíodar chun na hEorpa ar lorg cabhrach ach ní raibh i ndán dóibh filleadh. D’fhág Teitheadh seo na nIarlaí gur mhéadaigh ar an gcos ar bolg chóilíneach a bhíothas a dhéanamh ar an tír. D’achtaigh an rialtas Sasanach in Éirinn sraith reachtanna ar a dtugtar na Péindlíthe, lenar cuireadh cosc ar oideachas Caitliceach, i measc nithe eile. Chuaigh na Coláistí Éireannacha i líonmhaire agus i dtábhacht dá thoradh seo. Faoi dheireadh an 18ú haois bhí os cionn tríocha acu ar fud na hEorpa. Bhunaigh na Proinsiasaigh Coláiste San Antaine i Lobháin, mar shampla, agus thosaigh siad ar leabhair Ghaeilge sa chló Gaelach a fhoilsiú. Ach mar a dúirt an staraí mór le rá Liam Swords “as a measc seo, rug Páras barr orthu ar fad. Ba é an chéad choláiste é agus an ceann ba thábhachtaí agus is ann a cuireadh oiliúint ar an líon is mó scoláirí Éireannacha thar lear.”
Léaráid de mhac léinn ó Choláiste na nGael sa Róimh sa 18ú haois, ó "Catalogo degli ordini religiosi della chiesa militante espressi con imagini .... " (1742) le Filippo Buonanni.
Foinse: Archive.org, san fhearann poiblí.
Ba í an Ghaeilge teanga an phobail agus na cléire in Éirinn sa 17ú haois, seachas i mbólaí áirithe in oirthear tíre. Facthas don Eaglais Chaitliceach, dá bhrí sin, go raibh an teanga ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na hiarrachtaí an Protastúnachas a chraobhscaoileadh in Éirinn. Díol suntais é gur caiticeasma de chuid an chreidimh leasaithe, a cuireadh i gcló le tacaíocht Eilís I, a bhí sa chéad leabhar clóite Gaeilge.
Ba dheacair agus ba rídheacair leabhar Caitliceach den saghas seo a chur i gcló in Éirinn agus d’fhéach na Coláistí Éireannacha leis an mbearna seo a chúiteamh. Bhí fuadar oibre faoi na diagaithe agus intleachtóirí Frith-Reifirméisin iontu agus bhláthaigh foilsitheoireacht na Gaeilge ar an mór-roinn dá bharr. Coláiste na nGael i Lobháin a bhí ina cheannródaí sa réimse seo; ón mbliain 1611 amach bhí leabhair á gcur i gcló ag na Proinsiasaigh ann. Saothair chreidimh agus caiticeasmaí is mó a bhí iontu seo, ach chuir Michéal Ó Cléirigh an Foclóir nó sanasán nua amach ann in 1643, an chéad fhoclóir Gaeilge a foilsíodh riamh.
Cuid den bhunleabhar Gaeilge a réitíodh d'Eilís I, arbh í a thionscain na chéad leabhair a cuireadh i gcló sa Ghaeilge.
Tá leagan digitithe de seo ar fáil anseo
Foinse: Wikimedia Commons, san fhearann poiblí.
Stampa a chuir An Post amach in 1944 ina léirítear Mícheál Ó Cléirigh, staraí agus scríobhaí a d'fhoilsigh foclóir Gaeilge i Lobháin in 1643.
Foinse: Wikimedia Commons, san fhearann poiblí.
Sa Collège des Lombards a bhí Coláiste na nGael i bPáras lonnaithe an uair seo, agus tháinig sé chun cinn go mór i ngort na foilsitheoireachta sa 18ú haois. In 1742 tháinig caiticeasma Gaeilge ó pheann Aindrias Uí Dhuinnshléibhe, duine d’fhoireann an Choláiste agus is i bPáras freisin a foilsíodh Focalóir Gaoidhilge-Sax-Bhéarla Sheáin Uí Bhriain, Easpag Chluana agus iarscoláire de chuid an Choláiste. Ba é an chéad cheann acu, áfach, Foclóir Uí Bheaglaoich in 1732. Léiriú ar thábhacht Pháras is ea na foilseacháin seo:
Sa chath ar son aigne na hÉireann, ba den ríthábhacht Páras ar feadh dhá chéad bliain.
Liam Swords, Irish College Paris, 1985.
An lucht eagair
Eagarthóir an fhoclóra seo a thugann a leasainm dó, .i. Conchobhar Ó Beaglaoich. Fuair sé cúnamh éigin, nach bhfeadar go díreach pé méid, ó Aodh Buí Mac Cruitín. Sagart ab ea an Beaglaioch a raibh cónaí air i bPáras agus a raibh baint aige leis an Collège des Lombards. Ach má táthar deimhnitheach faoin méid sin, is tearc é an t-eolas eile ina thaobh. Measann scoláirí áirithe go raibh sé ina Dhochtúir le Diagacht sa Sorbonne agus gur i bparóiste Saint-Germain-l'Auxerrois, sa chéad arrondissement, a bhí sé lonnaithe.
"Saint-Germain-l'Auxerrois à Paris", ola ar chanbhás, 1867, Claude Monet (1840-1926).
Foinse: Alte Nationalgalerie, Berlin; via Wikimedia Commons, san fhearann poiblí.
Bratach agus éide an Régiment de Clare, ceann de na reisimintí Éireannacha in arm na Fraince. Liostáil Aodh Buí ina shaighdiúir leothu. As "Uniformes militaires, où se trouvent gravés en taille-douce les uniformes de la Maison militaire du Roi" (1772) le Claude-Antoine Littret de Montigny.
Foinse: Bibliothèque nationale de France, gallica.bnf.fr.
File, scríobhaí agus oide ba ea an Cruitíneach. In Iarthar an Chláir a saolaíodh é. Fuair sé patrúnacht ó uaisle Gael sa cheantar go luath ina shaol ach níorbh fhada gur aistrigh go Baile Átha Cliath, timpeall na bliana 1713. Ansiúd dó scríobh sé A brief discourse in vindication of the antiquity of Ireland a cuireadh amach in 1717. Dealraíonn sé gur chuir an leabhar seo na húdaráis i mBaile Átha Cliath le cuthach agus gur sacadh an Cruitíneach i bpríosún ar feadh bliana dá dheasca.
Pé scéal é, faoin mbliain 1728 is ag Coláiste na nGael i Lobháin a bhí sé mar ar fhoilsigh The elements of the Irish language grammatically explained in English. Liostáil in arm na Fraince ina dhiaidh sin, sa Régiment de Clare. Ar scor ón arm dó is ar Pháras a thug sé a aghaidh mar ar chabhraigh sé le hullmhú an fhoclóra. Bhí an Cruitíneach fillte ar an bhfód dúchais faoin 1738 agus scoil faoina chúram agus is ansin a cailleadh é sa bhliain 1755.
"Na Clódóirí Intaglio " (1642) le Adrian Bosse ina léirítear radharc i gclólann.
Foinse: Wikimedia Commons, san fhearann poiblí.
An foclóir a chur i gcló
717 leathanach ar fad atá san fhoclóir agus ba é Séamus Guerin, nó Jacques Guérin mar ab fhearr aithne air, a chuir i gcló é. Bhí clóphreas aige sin ar an Quai des Augustins ag an am. Chuir an Beaglaoich cló speisialta Gaelach á theilgean i gcomhair an fhoclóra agus i dteilgcheárta Loyson cois Séine a rinneadh é sa bhliain 1730. B’fhéidir gur ar lámh Aoidh Bhuí a bhí an cló seo bunaithe, ach tá tuairim eile ann gur ar pheannaireacht an Bheaglaoich féin a bunaíodh é. Ní raibh ach aon leabhar amháin eile inar úsáideadh an cló seo, .i. caiteacasma Uí Dhuinnshléibhe. Ní fios cé mhéad cóip de a rinneadh, ach tá sé an-ghann inniu ach go háirithe.
Sampla den chló Gaelach a rinneadh i dteilgcheárta Loyson, as "Epreuve des caracteres de la fonderie de Loyson et Briquet" (1751).
Foinse: Bibliothèque nationale de France, gallica.bnf.fr
Leathanach teidil "An Teagasg Críosduidhe do réir ceasda agus freagartha ... " (1742) le hAindrias Ó Duinnshléibhe.
An brollach
Is don Abbé de Vaubrun a tiomnaíodh an foclóir, agus is i Laidin atá an tiomnú sin. Patrún tábhachtach de chuid na nGael i bPáras ab ea é seo, agus dheonaigh sé airgead le haghaidh oibreacha ar Collège des Lombards agus le haghaidh an tséipéil ann. Tá sa bhrollach chomh maith eipeagram le scoláire de bhunadh na hÉireann, .i. Patrick Trant, ar bhall den Academie Royale des Sciences é. Molann sé iarrachtaí an Bheaglaoich teanga na hÉireann agus an tseanchreidimh a athbheochan, teanga a bhfuil a cuid fuaimeanna dearmadta ag muintir na tíre.
An tiomnú i bhFoclóir Uí Bheaglaoich
Église Saint-Éphrem-le-Syriaque ar rue des Carmes, an t-aon chuid den Collège des Lombards dá bhfuil fágtha.
Grianghraf: Guilhem Vellut / CC-BY
Eipeagram le Patrick Trant
Sa réamhrá Béarla a ghabhann leis an bhfoclóir, ar dóichí gurbh é an Beaglaoich a scríobh, faighimid éachaint luachmhar ar ar spreag é chun an saothar a fhoilsiú agus ar mheon na linne i leith na teanga. Déanann an Beaglaoich cosaint ar an nGaeilge, a raibh na Sasanaigh ag magadh is ag fónóid fúithi go nuige sin (“hitherto cryed down and ridiculed by the English”). Is oth leis nach bhfuair an Ghaeilge seans bláthú faoi mar a rinne formhór chanúintí eile na hEorpa. Measann sé fós, má tá, gurb í an Ghaeilge is saibhre agus is snasta friotal agus gurb í is binne ceol leis (“more copious and elegant in expression [and] more harmonious and musical in pronunciation”). Cé go ndeir sé go raibh cúig chéad bliain de mheath dulta uirthi, ní bhéarfadh aon teanga eile an chraobh ar an nGaeilge, dar leis (“the Irish, tho it has been declining these 500 years past ... will be found inferior to none.”).
Ní hiad na Sasanaigh amháin ba chúis leis an teanga a bheith ag dul i léig, áfach. Bhí an milleán ar na hÉireannaigh chomh maith agus iad siléigeach i saothrú agus i gcur chun cinn teanga a bhí na mílte bliain d’aois (“so strangely neglect cultivating and improving a language of some Thousands of Years”). Bhí súil aige go gcabhródh an foclóir leothu an dearmad a bhí orthu a thuiscint (“recover out of their error”). I bhfianaise an líon mór lámhscríbhinní a bhí ar marthain ag an am, ainneoin ionradh na nDanar is na Sasanach faoi seach, mheas an Beaglaoich go raibh deiseanna go leor fós ag uaisle Éireann a dteanga mháthardha a chaomhnú agus nach raibh leithscéal dá laghad acu dá leanóidís sa neamart náireach a bhí siad a dhéanamh inti (“[t]he Irish Gentry have therefore Opportunities enough, still left, for recovering and preserving their Mother-Language, and consequently, are without the least colour of excuse if they shamefully continue to neglect it.”)
Bhí faoin mBeaglaoich a thuilleadh leabhar Gaeilge a chur i gcló, foclóir Gaeilge-Béarla san áireamh. Ach faraoir, pé acu bás nó eile ba chúis leis, ní bhfuair sé caoi ar é seo a dhéanamh.
I ndiaidh an réamhrá seo tá dán le hAodh Buí Mac Cruitín. Cúis mhór iontais inniu gurb é seo an t-aon dán Gaeilge dar cuireadh i gcló sa 18ú haois go léir! Dála an réamhrá, is ar uaisle Éireann atá an dán seo dírithe. Gríosann an Cruitíneach iad chun múscailte go bhfillfidís ar an tseanteanga. Galar nó tinneas de shórt éigin a chur faoi deara dóibh éirí aisti an chéad lá.
A Uaisle Éireann áile ... tréigid bhur dtromshuan ... Tróm an téidhmse a thárlaidh dhaoibh, idir mhnáibh agus mhacaoimh, ar séanadh seanrádh bhur sean. Cómhrádh soluis bhur sinnsear.
Molann sé an Beaglaoich go cranna na spéire á rá gur Éireannach uasal é a bhfuil an mórtas cine go smior ann. Is mór an gar a dhéanfaidh a chuid oibre do theanga Bhríd is Phádraig:
Conchubhar Caomh Ó Beaglaoich ... duine uasal Éireannach, do bháigh le hInis Éilge, do dhail glanchlódh Gaoidheilge, d’aithbheodhadh ár dteanga tráth ...
Ón mbliain 1701 i leith go dtí an Réabhlóid, ní fhéadfaí leabhar ar bith a fhoilsiú sa Fhrainc gan a chur faoi bhráid chinsire an Rí ar dtús. Uaidh sin a thagadh toiliú an Rí chun an leabhar a fhoilsiú ansin. Tá an toiliú ríoga seo le fáil i gcóip an Centre Culturel Irlandais. Ach is cosúil go bhfuil roinnt cóipeanna nach bhfuil a leithéid le fáil iontu. Le haghaidh mhargadh na hÉireann ab ea iad seo is cosúil, agus is d’fhonn diomú na n-údarás Sasanach in Éirinn a sheachaint a fagadh ar lár é, ní foláir.
An téacs
Tá breis is 15,000 ceannfhocal Béarla san fhoclóir maille le haistriúcháin go Gaeilge. Thiar i ndeireadh tá leagan den ghraiméar Gaeilge a bhí curtha amach ag an gCruitíneach cheana sa bhliain 1728. Is é a deir an Beaglaoich linn go raibh dhá fhoclóir eile mar mháithreacha an tsaothair aige féin, .i. “Boyer and Baily”. Más ea, tá sé cruthaithe ag scoláirí ó shin gur ar an dara heagrán d’fhoclóir Fraincis-Béarla Abel Boyer, .i. “an Foclóir Ríoga”, gur air sin is mó ar fad a bhraith sé agus an saothar á leagan amach aige. Tá scóp cúng an fhoclóra cáinte ag scoláirí áirithe agus ní haon iontas an bhéim mhór ar théarmeolaíocht reiligiúnda ann i bhfianaise ghairm Uí Bheaglaoich.
Mar sin féin, is as caint na linne a baineadh na haistriúcháin seachas as téacsanna ársa. Tá, dá bhrí sin, léargas ríspéisiúil le fáil ann ar Ghaeilge an 17ú haois agus mar a bhí sí ag forbairt.
Ba nós leis an mBeaglaoich míniú i nGaeilge a thabhairt ar fhocail áirithe nárbh ann dóibh sa Ghaeilge fós, seachas focal nua a chumadh. Solaoid mhaith is ea an iontráil do “zest”, ina bhfeictear ceann de na samplaí is luaithe sa Ghaeilge scríofa den fhocal “aráiste” (.i. oráiste):
Croicionn aráiste ar na fhásgadh a ngloine fhíona agas fós, chum deaghbhlais do bheith air.
Abel Boyer
An foclóirí Francach Abel Boyer is ea d'ullmhaigh an "Foclóir Ríoga" ar ar bhunaigh an Beaglaoich a fhoclóir féin. Is é foinse na híomhá seo an "General biography ..." (1818) le John Aikin agus William Enfield.
Foinse: Archive.org, via Wikimedia Commons.
Tá an iontráil do “potatoe”, barr sin na cinniúna i stair na hÉireann, an-inspéise go deo. San áit a bhfuil práta, fata nó préata inniu, ag brath ar do chanúint, tugann Ó Beaglaoich an méid seo:
“Rúitidhe is maith le a nitheadh potátaoi”
Tá an spórt chun cinn sna hiontrálacha chomh maith. Is é “liothroíd [sic] do chosadh, nó do phreaba le cois” atá aige ar “kick a foot ball” agus tá an t-iománaí leis ann mar “teilgtheoir” nó “iománuighe”.
Bhí roinnt focal nua-chumtha ag an mBeaglaoich, “stórchúmhduíghtheoir” ar an bhfocal “banker” cuir i gcás. Níor mhair an leagan áirihe sin; baincéir a bheadh inniu againn. Sheas an tiontú a rinne sé ar “I smell a rat” an fód, má tá. “Atáim amhrasach ar nídh” a bhí ag an mBeaglaoich “bheith san amhras/amhras a bheith ort” atá san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge ón mbliain 2013.
Agus féach nach rachaidh an grá i léig go deo! Is é an leagan atá san fhoclóir ar “I love you with all my heart” ná “Ata grádh mo chródhe agam dhuit”, ceann a dhéanfadh an beart inniu, a bheag nó a mhór.
Tionchar agus oidhreacht
Bhí Foclóir Uí Bheaglaoich ar thús cadhnaíochta maidir le foclóirí dátheangacha sa Ghaeilge. Ní leabhar gan locht é ach mar sin féin ba shaothar riachtanach tagartha é ar feadh na mblianta i ndiaidh a fhoilsithe. Ní facthas foclóir Béarla-Gaeilge eile go dtí 1814. Is deacair a thionchar a mheas cheal eolais níos fearr ar an dáileachán a rinneadh air. Is eol dúinn, má tá, gur bhain foclóirithe an 19ú haois leas as. B’fhéidir chomh maith gur spreag sé iarrachtaí Shéan Uí Bhriain a d’fhoilsigh a fhoclóir Gaeilge-Béarla i bPáras tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, cé nach luaitear Foclóir Uí Bheaglaoich sna foinsí aige.
A bhuí don saothar a rinne na foclóirithe a tháinig i ndiaidh Uí Bheaglaoich agus Mhic Cruitín, agus don obair thábhachtach atá déanta ag Foras na Gaeilge le blianta beaga anuas, tá an dúiche acmhainní foclóireachta ag lucht labhartha agus lucht foghlama na Gaeilge inniu. Ag labhairt di ag seoladh an fhoclóra nua i mí na Nollag 2025, dúirt an tUachtarán Catherine Connolly gur:
comhartha dóchais é an foclóir seo, dóchas go bhfuil borradh faoin nGaeilge, dóchas go bhfuil daoine ag iarraidh í a labhairt mar ghnáth-theanga laethúil. Dóchas go mairfidh sí i bhfad inár ndiaidh.
I saol eile ar fad a tháinig Foclóir Uí Bheaglaoich ar an bhfód, ó thaobh na polaitíochta de agus ó thaobh na teanga de. Ní raibh aon tacaíocht stáit aige ach naimhdeas lucht údaráis. Mar sin féin, ba chomhartha dóchais chomh maith é, agus gníomh creidimh, go mairfeadh teanga na hÉireann agus go mbláthódh sí mar ghléas cumarsáide is labhartha go ceann i bhfad. Inniu meabhraíonn an foclóir seo a thábhachtaí agus a bhí Páras agus an Eoraip i gcur i bhfeidhm na físe sin, agus is cúis inspioráide é dóibh siúd go léir atá ag cur na Gaeilge chun cinn ar an mór-roinn inniu.
An tUachtarán Catherine Connolly ag labhairt ag seoladh An Foclóir Nua, mí na Nollag, 2025.
Foinse: Foras na Gaeilge.
Darragh Ó Caoimh, Teagascóir Gaeilge sa Centre Culturel Irlandais, a réitigh an buntéacs mar aon leis an leagan Gaeilge seo.
Le tacaíocht Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.
Tuilleadh eolais:
Bhí an Dr. Micheál Hoyne (Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) ar dhuine d’údair “Clóliosta: Printing in the Irish language, 1571–1871, an attempt at narrative bibliography” a foilsíodh in 2020. Éist lena chuid cainte mar gheall ar an saothar tagartha rí-úsáideach seo maidir le stair na foilsitheoireachta sa Ghaeilge: